Sassoli: ‘Ní mór don Eoraip a bheith dílis dá saoránaigh 
 

Óráid ó David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ag an gComhairle Eorpach, an 16 Nollaig 2021

A dhaoine uaisle,

 

Ba mhaith liom leas a bhaint as an ráiteas seo chun mo thuarimí féin agus tuairimí na Parlaiminte a roinnt libh maidir leis na dúshláin a bheidh romhainn ag deireadh an téarma oifige, agus leath an bhealaigh curtha dínn anois, ach an-chuid oibre fós le déanamh againn.

Níl an phaindéim ag teach chun deiridh, agus bíonn an ceann scríbe ag imeacht uainn i gcónaí, agus táimid mall ag cruthú dearcadh coiteann nua, rud atá de dhíth ar an Aontas maidir le dul chun cinn – an tionscadal dóchais Eorpach a bhfuil ár gcomhshaoránaigh Eorpacha uile ag tnúth leis. Ar ndóigh, tá pleananna uaillmhianacha againn don Eoraip seo againne; tá siad ar an gclár oibre ó thús an téarma seo, agus táimid á saothrú ar ár ndícheall, ag cur athruithe i gcrích, ag teacht ar dhearcadh coiteann eadrainn agus ag sárú ár ndifríochtaí. Ar ndóigh, an Comhaontú Glas, an t-aistriú digiteach, Eoraip níos láidre agus níos daonlathaí agus níos mó ceartais shóisialta, is tionscadail láidre agus fíor-riachtanach iad, tionscadail atá á saothrú ag an Eoraip, agus tá sé de dhualgas orainn iad a chur i gcrích chun bheith dílis dár saoránaigh.

Ach is é a theastaíonn ón Eoraip freisin, agus a theastaíonn thar aon ní eile, ná tionscadal a thugann le chéile sinn go léir, tionscadal atá in ann an tAontas seo againn, ár luachanna agus ár sibhialtacht a léiriú, tionscadal is follasach do gach Eorpach agus a chuireann ar ár gcumas sinn a thabhairt le chéile.

Feictear domsa gur féidir an tionscadal sin a thógáil ar thrí dhúshraith láidre – mian thríghnéitheach na hEorpa – ar mhian gach Eorpaigh í: is é sin Eoraip atá nuálach, Eoraip a chosnaíonn, agus Eoraip arb eiseamláir í.

 

Ar an gcéad dul síos: Eoraip atá nuálach

Ní hionann an nuálaíocht a bhfuilimid a labhairt fúithi agus nuálaíocht theicneolaíoch amháin, is cuma cé chomh bunriachtanach atá sí dár ngeilleagar. Is é atá uainn i ngach réimse ná meoin chruthaitheachta athnuaite dár n-institiúidí, dár mbeartais, dár mbealaí gníomhaíochta agus fiú dár modhanna maireachtála, mar is é sin a éilíonn an t-athrú éiceolaíoch orainn.

Ní mór don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa cabhrú linn teacht ar bhealaí nuálacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun tionscadal a bhaint amach de chineál a mbeadh dáimh ag gach Eorpach leis. Mar is eol daoibh, tá an Chomhdháil faoi lánseoil i láthair na huaire; ní fada go mbeidh sé in am na chéad tátail a bhaint aisti. Labhróidh mé go neamhbhalbh: ní féidir linn seasamh siar ónár gcuid freagrachtaí nuair a thiocfaidh an t-am chun bogadh ó fhocail go bearta, ó mhianta go tionscadail, ó smaointe go gníomhaíocht nithiúil.

Caithfimid a bheith nuálach i ngach réimse! 

I réimse na n-institiúidí, is léir nach bhfuil an tAontas seo againne foirfe – tá sé á thógáil i gcónaí. Le fada an lá tá togra nithiúil á chur chun cinn ag an bParlaimint chun ár n-institiúidí a dhéanamh níos daonlathaí, níos láidre agus níos nuálaí, tríd an gceart tionscnaimh reachtaigh.

Caithfimid a bheith nuálach sa reachtaíocht atá againn. Caithfidh an tAontas seo againne a bheith ar an gcéad dream a leagfaidh síos caighdeáin i réimsí a bhfuil an domhan ar fad ag amharc orthu go háirithe maidir le rialáil a dhéanamh ar na hearnálacha nua den gheilleagar atá gan smacht gan sriain ó thaobh na reachtaíochta de faoi láthair. Tá sin déanta againn maidir le sonraí pearsanta a chosaint, agus anois tá an domhan mór ag leanúint ár n-eiseamláire. Déanfaimid é sin, agus is mithid – do na margaí digiteacha, chun a chinntiú nach iad na hollchuideachtaí digiteacha a bheidh ina reachtóirí in áit na saoránach.

Caithfimid a bheith nuálach i dtaobh ár gcuid maoinithe. Chun ár mbeartais agus ár ngníomhaíochta a mhaoiniú, caithfimid a bheith gan eagla roimh an athrú, agus gan bheith ar crith roimh an nuálaíocht! Ba mhaith liom a mheabhrú daoibh arís go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus saoránaigh na hEorpa ag tnúth le foilsiú an Phacáiste Acmhainní Dílse, rud ba cheart a chur ar chumas an Aontais a imchlúdach airgeadais a chur i gcrích ar bhealach inbhuanaithe, agus an fiachas frithpháirtithe a aisíoc. Ceist inchreidteachta atá ann. Caithfimid beart a dhéanamh de réir briathar. Agus ní fhágann an nuálaíocht sin nach bhfuil sé de dhualgas orainn ár gcreat airgeadais a oiriúnú do dhúshláin ár linne, trí athchóiriú a dhéanamh ar bhealach réalaíoch ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Ní féidir linn ár dtodhchaí féin agus todhchaí ár bpáistí a shrianadh leis an riail 3 % a thuilleadh.

 

Ar an dara dul síos: Eoraip a chosnaíonn.

Ní mór dúinn an Eoraip a mheas arís mar Eoraip a chosnaíonn sinn, mar Eoraip a chosnaíonn a teorainneacha, a ghníomhaíonn ar son a slándála, ar mhaithe leis an leas coiteann agus mar mhaithe le ceannasacht gach ceann dá Ballstáit. Tá an méid sin déanta againn lenár gcomhbheartas maidir le vacsaíní: is féidir linn a léiriú go cinntitheach go bhfuil an Eoraip in ann dul i ngleic leis na géarchéimeanna is tromchúisí chun muintir na hEorpa a chosaint. Caithfimid, mar sin, leanúint dár n-iarrachtaí ar mhaithe le hEoraip na Sláinte, agus ar mhaithe lenár mbonneagar sláinte a neartú ar an leibhéal domhanda chun tuilleadh coisc, cosanta agus ullmhachta a chur ar fáil i gcomhair géarchéimeanna. Fáiltím roimh chinneadh an Chomhthionóil Dhomhanda Sláinte tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le hionstraim cheangailteach chun paindéimí a chomhrac.

Is ionann muintir na hEorpa a chosaint agus a bheith níos ullmhaithe chun freagairt ar ghéarchéimeanna sláinte, nádúrtha, tráchtála, taidhleoireachta agus mhíleata a bheidh ann amach anseo.

Ciallaíonn sé sin, ar an gcéad dul síos, ár gcomhbheartas cosanta agus slándála a neartú ionas gur féidir linn gníomhú le chéile ar bhealach níos gaiste agus níos láidre aon uair a bheidh ár leasanna faoi bhagairt. Tá a fhios agam go mbeidh an t-ábhar sin ar cheann de na príomhghnéithe d’Uachtaránacht na Fraince atá le teacht, agus is rud maith é sin.

Is ionann muintir na hEorpa a chosaint freisin agus a bheith in ann comhthathú ár mbeartas maidir le bainistiú imirce agus maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha a neartú go diongbháilte. Is minic ceist na himirce agus an tearmainn ardaithe agam i mo chuid óráidí: ní haon rún é go bhfuil an imirce tagtha chun bheith ina ábhar lárnach i gcaidreamh seachtrach an Aontais agus inár gcláir oibre don bheartas eachtrach. Tá an Pharlaimint ag obair cheana féin chun feabhas a chur ar na tograí ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Eorpach um Imirce agus Tearmann, ar bhonn comhshocraithe nua dlúthpháirtíochta agus freagrachta. Déanfaidh an Chomhairle a cion féin, agus is é atá le déanamh anois ná teacht ar chomhaontú mar ábhar práinne chun nach mbeidh an lámh in uachtar ag an bpobalachas agus ag réitigh ghearrthéarmacha i dtaobh na saincheiste sin. Is léir ónar thit amach le déanaí ag teorainn na Bealarúise go bhfuil gá le gníomhaíocht dhaingean agus dhlúthpháirteach sa réimse ríthábhachtach seo.

Is ionann muintir na hEorpa a chosaint agus a áirithiú gur féidir le gach duine acu a bheatha a shaothrú faoi dhínit óna chuid oibre, le híosphá réasúnta agus cóir. Agus iarraimid arís eile go mbeadh comhréiteach uaillmhianach ann i dtaobh na saincheiste sin. Fáiltím freisin roimh an togra ón gCoimisiún maidir le hoibrithe ardáin, ar daoine iad nach mór dúinn cosaint shóisialta a thabhairt ar ais do na milliúin oibrí san Eoraip dá mbarr.

Is ionann muintir na hEorpa a chosaint freisin agus an chothromaíocht a athbhunú sa chaidreamh trádála míchothrom atá ann faoi láthair, agus muid faoi bhagairt ó roinnt tíortha trína gcuid infheistíochtaí agus a gcuid beart comhéigneach.

Ar deireadh, is ionann Eorpaigh a chosaint agus a bheith in ann teacht ar fhreagairtí éifeachtacha teicniúla agus eacnamaíocha i gcás géarchéim fuinnimh. Níor cheart aon Eorpach a fhágáil i mbochtaineacht fuinnimh, fiú tráth a bhíonn suathadh sa mhargaí domhanda de dheasca géarchéim idirnáisiúnta: agus is amhlaidh atá an scéal freisin i gcásanna cinniúnacha inár gá don Aontas teacht ar réitigh dhána chun slándáil gach Eorpaigh a áirithiú.

 

Agus ar deireadh: Eoraip atá ina heiseamláir feabhais a bhuí lena samhail dhaonlathach.

Le roinnt blianta anuas, táthar ag caint faoin teacht aniar: Ní mór don Eoraip teacht aniar a bheith inti i gcoinne suaití eacnamaíocha, coinbhleachtaí ag a teorainneacha, na géarchéime éiceolaíochta, géarchéimeanna sóisialta, etc. Is ríléir go gcaithfimid na géarchéimeanna sin a shárú agus dul i ngleic leis na dúshláin sin: ach an amhlaidh gurb é an teacht aniar bun agus barr na gníomhaíochta a dhéanfaimid? Is ionann díriú ar an teacht aniar agus a admháil go pointe áirithe go bhfulimid cloíte, gur íospartaigh muid, agus go bhfulimid leochaileach.

Níos mó ná teacht aniar a bheith inti, caithfidh an Eoraip, mar sin, a bheith bródúil arís as a samhail dhaonlathach. Caithfidh sé a bheith mar mhian dhian dhaingean againn go scaipfear an tsamhail seo den daonlathas, den tsaoirse agus den rathúnas agus go meallfaidh sí, agus go gcuirfidh sí ag brionglóideach iad, ní hamháin ár gcomhshaoránaigh Eorpacha féin, ach daoine taobh amuigh dár dteorainneacha freisin.

Is ionann eiseamláir a dhéanamh dár samhail dhaonlathach agus a léiriú go bhfuil sí in inmhe a bheith rathúil, in inmhe a bheith éifeachtach sna beartais phoiblí, in inmhe torthaí fiúntacha a bhaint amach, de thairbhe muidne a bheith in inmhe gníomhú le diongbháilteacht agus le díograis.

Mar sin, tá súil agam go mbeidh an 9 Bealtaine seo chugainn – Lá na hEorpa – ina ócáid le haghaidh léiriú comhpháirteach, léiriú a bheidh láidir agus aontaithe agus trína bhfeicfear ár dtiomantas comhpháirteach don tionscadal Eorpach, agus do na luachanna agus don tsibhialtacht a ghabhann leis.

A dhaoine uaisle,

mar is cinnte gur léir daoibh óna bhfuil ráite agam, níl m’óráid inniu teoranta do shaincheisteanna an ama seo amháin. Shíl mé go raibh sé tábhachtach leas a bhaint as an óráid seo chun aird gach duine a tharraingt ar a bhfuil in easnamh sa tionscadail. .

Is éard atá i gceist ná: ‘Nuálaíocht, cosaint, scaipeadh’, sin na trí rud a mholaim daoibh mar threoir le haghaidh athnuachan ár dtionscadail Eorpaigh. A Emmanuel, a chara, le linn mo chuairte ar Pháras Déardaoin seo caite, chuir mé suntas sa mhana atá roghnaithe ag an bhFrainc dá hUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais: ‘Athbhunú, cumhacht, muintearas’. Tugaim faoi deara go bhfuil an rogha sin go hiomlán ar aon dul leis an rogha a raibh mise ag labhairt fúithi:

– as siocair nach féidir linn athbhunú a dhéanamh gan nuálaíocht a dhéanamh, – as siocair nach mór leas a bhaint as an gcumhacht ba mhaith linn a bheith ag an Aontas seo againne chun ár bhfís don domhan mór a dhearbhú agus, ar an gcaoi sin, muintir na hEorpa a chosaint;

– as siocair nach mbraithfidh muintir na hEorpa muintearas leis an Eoraip ach amháin má bhíonn samhail pholaitiúil aici arb eiseamláir tarraingteach í.

Is cúis áthais dom, mar sin, na físeanna éagsúla seo don todhchaí a bheith ag teacht le chéile. Is fúinne atá sé anois na físeanna sin a chur i ngníomh ionas go mbeidh an Eoraip in ann a seasamh agus a gealltanais a choinneáil, ar mhaithe le gach Eorpach.

Go raibh maith agaibh agus go raibh rath ar an obair!